Fáilte go Staidéar Áitiúil Luimnigh

Muna bhfuil tú ach díreach tar éis tosú ar staidéar na staire áitiúla, do chraobh ghinealaigh á rianú agat, nó i mbun taighde ar thionscadal scoile, is féidir linn tú a chur ar bhóthar do leasa. Tá ár mbailiúcháin leathana d’ábhar agus de thaifid áitiúla ar fáil freisin, i Rannóg Staidéar Áitiúil agus inár gCartlann Dhigiteach araon.

Staidéar Áitiúil
Leabharlann Dhigiteach
Ginealas
Ár mBailiúcháin
Scoileanna

Staidéar ar Stair Luimnigh

Bhí an t-ádh le Luimneach riamh go raibh pobal bríomhar de lucht suime na staire ansin, a bhfuil scéalta na cathrach agus an chontae taifeadta acu sna céadta leabhar, na mílte alt irise agus lear mór alt nuachtáin.

Foghlaim níos mó

Ár mBailiúcháin Ar Líne

Tá ceann de na bailiúcháin is leithne d’acmhainní ar líne in Éirinn ag Leabharlanna Luimnigh. Tá Leabharlann Chathair agus Chontae Luimnigh ag gabháil do thionscadal digitithe agus láithreán gréasáin le roinnt blianta anuas agus tá go leor de na hábhair agus na hacmhainní atá i mBailiúchán Rannóg Staidéar Áitiúil curtha ar fáil ar líne anois.

Foghlaim níos mó

Cá dtosaím?

Cuirimid comhairle ar fáil maidir le hacmhainní ginealais agus cuirimid cúnamh ar fáil le fiosruithe sonracha, agus coimeádaimid roinnt taifead a bhaineann le taighde ar stair theaghlaigh, amhail liostaí toghcháin agus eolairí ceirdeanna.

Foghlaim níos mó

Féach ar ár mbailiúcháin

Is é croílár na leabharlainne staidéar áitiúil, iad na bailiúcháin leabhar agus irisí. Lena chois sin, tá tábhacht nach beag ag baint le nuachtáin agus le léarscáileanna. Cuireann stair theaghlaigh agus bailiúcháin cheoil go mór leis an stór eolais agus cultúir áitiúil.

Foghlaim níos mó

An bhfuil cabhair uait le tionscadal?


Cuirimid comhairle agus cúnamh ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí maidir le hacmhainní stairiúla d’ábhair a bhaineann le Luimneach do thionscadail na sraithe sóisearaí agus sinsearacha agus do ghníomhaíochtaí rangbhunaithe.

Foghlaim níos mó

Gnéithe agus Buaicphointí

De réir mar a bhrabhsálann tú láithreán gréasáin staidéar áitiúil, nochtfaidh tú, gan amhras, go leor gnéithe a mbeidh spéis mhór agat iontu Anseo, lig dúinn aicearra a thabhairt duit chuig cuid de na rudaí is ansa linn – tugann na buaicphointí seo spléachadh ar ghréasán casta an ábhair agus na n-acmhainní atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na staidéar áitiúil.

Deich mBliana na gCuimhneachán

Clár comórtha ab ea Deich mBliana na gCuimhneachán a dhírigh ar imeachtaí stairiúla claochlaitheacha 1912-1923, lena n-áirítear an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca 1916, Cogadh na Saoirse, agus Cogadh Cathartha na hÉireann ina dhiaidh sin.

Tuilleadh faisnéise

Ansin agus Anois

Rud a chuireann daoine suim ann i gcónaí ná íomhánna d’áit a fheiceáil, i gcodarsnacht leis an gcaoi a mbreathnaíonn sé inniu agus an chaoi ar fhéach sí ag am éigin san am atá caite. Anseo cuirimid gailearaí d’íomhánna den sórt sin i láthair, a tógadh mar chuid de Thóstal Éireann 2013.

Tuilleadh faisnéise
North quay Newcastle west

Bailiúchán CLG Shéamuis Uí Cheallaigh

Bhí Séamus Ó Ceallaigh ar dhuine de mhórphearsana stair na gCluichí Gaelacha. . Chomh maith lena bheatha a saothrú mar scríbhneoir, bhailigh an tUasal Ó Ceallaigh bailiúchán ollmhór d’ábhair a bhain le C.L.G. Thiomnaigh sé an bailiúchán seo do Leabharlann Chathair Luimnigh agus tá Bailiúchán Uí Cheallaigh i seilbh na leabharlainne ó 1989.

Tuilleadh faisnéise

Eolairí Trádála

Cuimsíonn bailiúchán rannóige staidéar áitiúil caoga eolaire ceirde agus sráide i gCathair agus i gContae Luimnigh, a foilsíodh idir na blianta 1769 agus 1976. In éagmais taifid daonáirimh roimh 1901 tá luach ollmhór ag baint leis na heolairí seo chun seoltaí agus slite beatha daoine a raibh cónaí orthu i Luimneach a aimsiú.

Tuilleadh faisnéise

Tuairiscí Báis

Tá gach fógra faoi bhásanna atá in The Limerick Chronicle (agus roinnt nuachtán eile i Luimneach) curtha le chéile againn ó 1781 go 1951 (réimse 170 bliain). Ní hamháin go bhfuil fógraí báis i gceist ach chomh maith leis sin, tá tuairiscí báis, tuairiscí sochraide agus aon scéalta nuachta a bhaineann le bás duine as Luimneach agus gach bás a tharla i gcathair nó i gcontae Luimnigh.

Tuilleadh faisnéise

Leabharlann Dhigiteach Staidéar Áitiúil Luimnigh

Tá ceann de na bailiúcháin is leithne d’acmhainní ar líne in Éirinn ag Leabharlanna Luimnigh. Ina measc tá leabhair agus irisí digitithe agus eolairí ceirdeanna agus tuairiscí báis ó nuachtáin áitiúla, mar aon le nithe eile nach iad. Tá freagra ar chuid mhór de na ceisteanna taighde a bhaineann le Rannóg Staidéar Áitiúil ar fáil ach úsáid a bhaint as na bailiúcháin dhigiteacha.