Eolairí Trádála

Cuimsíonn bailiúchán rannóige staidéar áitiúil caoga eolaire ceirde agus sráide i gCathair agus i gContae Luimnigh, a foilsíodh idir na blianta 1769 agus 1976.

Is foinse iontach faisnéise stairiúla agus ginealais iad na heolairí seo. Ach úsáid a bhaint as na heolairí, is féidir leat aon teaghlach atá a bhí gabháil do ghnó nó a bhí le feiceáil in eolairí sráide a rianú ón tréimhse clúdaithe. In éagmais taifid daonáirimh roimh 1901 tá luach ollmhór ag baint leis na heolairí seo chun seoltaí agus slite beatha daoine a raibh cónaí orthu i Luimneach a aimsiú.

Ní raibh na heolairí seo cuimsitheach áfach, agus tá sé riachtanach a bheith ar an eolas gur minic nár luadh trádálaithe beaga agus na haicmí faoi mhíbhuntáiste, go ginearálta, sna liostaí seo. Clúdaítear beagnach gach aicme eile ann ar bhealach éigin.

Is féidir na heolairí a úsáid le haghaidh réimse i bhfad níos leithne taighde ná ceisteanna simplí ginealais. Mar shampla, is féidir le duine an borradh faoi chathair Luimnigh a rianú ó dheireadh an ochtú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois, is féidir anailís a dhéanamh ar an méadú agus ar an titim atá tagtha ar chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí gnó agus, go deimhin, ar theacht chun cinn agus ar thitim theaghlaigh shuntasacha Luimnigh uaireanta.

The fully-searchable table below contains data from the directories up to the year 1969.