Bailiúcháin

Is é croílár na leabharlainne staidéar áitiúil, iad na bailiúcháin leabhar agus irisí. Lena chois sin, tá tábhacht nach beag ag baint le nuachtáin agus le léarscáileanna. Cuireann stair theaghlaigh agus bailiúcháin cheoil go mór leis an stór eolais agus cultúir áitiúil.

Bailiúchán Leabhar

Tá acmhainn ollmhór leabhar againn ar gach ábhar a bhaineann le Cathair agus Contae Luimnigh agus lena cultúr agus stair shaibhir. Cuimsíonn an bailiúchán seo an chéad leabhar a foilsíodh faoi stair Luimnigh i 1787 go dtí na teidil is déanaí atá ar fáil.

Féach ar ár mBailiúchán Leabhar

Bailiúchán Irisí

Tá bailiúchán leathan irisí againn. Tá an bailiúchán roinnte i gceithre chatagóir – irisí a bhaineann le Luimneach, irisí paróiste/pobail, irisí náisiúnta, agus irisí ó chontaetha eile seachas Luimneach.

Féach ar ár mBailiúchán Irisí

Bailiúchán Stair Theaghlaigh

Is réimse í stair theaghlaigh a bhfuil an-suim ag go leor daoine inti. I measc na n-acmhainní a d’fhéadfadh a bheith cabhrach i dtaighde den sórt sin tá ár mbailiúchán mór leabhar ar stair faoi theaghlaigh ar leith.

Féach ar ár mBailiúchán Stair Theaghlaigh

Bailiúchán Ceoil

Tá traidisiún an-saibhir ceoil i Luimneach, traidisiún a bhfuil an-chuid eolais ina leith le fáil i mbailiúchán leathan ceoil Luimnigh na leabharlainne i bhformáid CD.

Féach ar ár mBailiúchán Ceoil

Bailiúchán Léarscáileanna

Tá bailiúcháin leathan de léarscáileanna stairiúla de Chathair agus de Chontae Luimnigh ag Rannóg Staidéar Áitiúil Luimnigh. Is féidir teacht ar na bailiúcháin léarscáileanna seo i Rannóg Staidéar Áitiúil ag Leabharlann Watch House Cross.

Féach ar ár mBailiúchán Léarscáileanna

Bailiúchán Nuachtán

Tá bailiúchán suntasach de nuachtáin áitiúla sa leabharlann Staidéar Áitiúil. Is acmhainn thábhachtach stairiúil í an phríomhfhoinse seo do thaighdeoirí.

Féach ar ár mBailiúchán Nuachtán