Bhaineamar na sonraí as na taifid seo agus chuireamar ar fáil anseo iad i dtáblaí atá inchuardaithe go hiomlán. Tá bailiúchán de chláir toghthóirí Chathair Luimnigh ó na 1930idí ar aghaidh sa leabharlann freisin atá ar fáil le breathnú orthu sa rannóg staidéar áitiúil.
Is é Luacháil Uí Ghríofa an téarma a úsáidtear go coitianta chun cur síos a dhéanamh ar an lámhscríbhinn agus ar an gcáipéisíocht chlóite a cuireadh ar fáil idir 1848 agus 1865 le linn luacháil fud fad na tíre ar thalamh agus ar thithe.
Féach ar na TaifidBa í an saorsheilbh daichead scilling an cháilíocht do Chaitlicigh chun ceart vótála a fháil tar éis acht fóirithinte Hobart i 1793. Níor mhair an lamháltas i bhfad. The emancipation act of 1829 – which permitted Catholics to sit in parliament – abolished the forty-shilling franchise by raising the threshold to ten pounds and at a stroke reduced the county electorate from over 200,000 to 37,000.
Féach ar na TaifidIs liosta teoranta é seo, a bhaintear as nuachtán The Limerick Chronicle, gan ach liosta a dhéanamh de na daoine sin a rinne iarratas go gcuirfí leis an liosta toghthóirí iad.
Féach ar na TaifidAnailís ar Thoghchán Luimnigh in 1852, ina sonraítear liosta iomlán na bpobalbhreitheanna agus liosta na bpáirtithe polaitíochta éagsúla a thacaíonn le gach iarrthóir
Féach ar na TaifidLeathnaigh Acht Ionadaíochta an Phobail 1884 cáilíochtaí vótála ó bhailte go ceantair thuaithe, agus leagadh amach an toghlach nua-aimseartha aon-chomhalta mar an leagan amach caighdeánach d’ionadaíocht Pharlaiminteach.
Féach ar na TaifidToghthóirí agus Toghthóirí Seanaid in aghaidh na bliana 1923-24, Dáilcheantar Chontae-Bhuirg Luimnigh. Sa chlár seo tá ainmneacha na ndaoine go léir atá i dteideal vótáil mar Thoghthóirí Dála, Toghthóirí Rialtais Áitiúil, agus Toghthóirí Seanaid.
Féach ar na Taifid