Scoileanna

An bhfuil cabhair uait le tionscadal? Tá tionscadail a bhaineann leis an gceantar áitiúil ina ngné chaighdeánach de churaclam na scoile anois, agus beidh sé soiléir do dhaltaí go rachaidh cuairt ar Rannóg Staidéar Áitiúil go mór chun tairbhe na hoibre sin.

Staidéar Áitiúil do scoileanna

Cuirimid comhairle agus cúnamh ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí maidir le hacmhainní stairiúla d’ábhair a bhaineann le Luimneach do thionscadail na sraithe sóisearaí agus sinsearacha agus do ghníomhaíochtaí rangbhunaithe. Gheobhaidh daltaí Ardteiste, go háirithe, amach go bhfuil an-fhonn orainn tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a roghnaíonn ábhar a bhaineann le Luimneach ina dtionscadal deiridh bliana. Cuirimid fáilte roimh chuairteanna ranga agus roimh choinní aonair. Ní gá ach glaoch a chur orainn sula dtugann tú cuairt orainn ionas gur féidir linn a chinntiú go mbeidh na háiseanna ar fáil duit. Cuirimid fáilte freisin roimh fhiosruithe ó mhic léinn tríú leibhéal.