
Is éard atá i gceist leis na comhaid sin den chuid is mó, ná míreanna a gearradh amach as nuachtáin agus ailt irisleabhar. Tá na comhaid mar a bheadh ‘leabhar gearrthóg’, an chaoi is gur cuireadh míreanna isteach iontu ar bhonn ad hoc. Mar sin, cé nach comhaid chuimsitheach nó dheifnídeach iad ó thaobh raon feidhme de, tá an t-ábhar thar a bheith suimiúil agus úsáideach.