Cartlann ar Líne um Thubaiste Phictiúrlann Dhrom Collachair

Is é an cúigiú lá de Mheán Fómhair 2026 céad bliain ó tharla ceann de na heachtraí is tragóidí a tharla riamh in Éirinn ó bunaíodh an Stát.

An oíche sin in 1926, shúigh slua mór daoine ó bhaile Dhrom Collachair agus ó bhailte gar dó i gContae Luimnigh síos, idir óg agus aosta, i bpictiúrlann gharbh ar an urlár uachtair de halla áitiúil chun sult a bhaint as roinnt scannán.
Ba mhór í an tragóid a tharla díreach ina dhiaidh sin, ar raibh tionchar aici ar an sráidbhaile agus níos faide i gcéin, nuair a d’éag ceathracha ocht duine sa dóiteán marfach.
Mar chuid de chomóradh céad bliain ma heachtra uafásaí seo, cuireann Leabharlann Chathair agus Chontae Luimnigh Cartlann ar Líne um Thubaiste Phictiúrlann Dhrom Collachair i láthair. Cuirtear roinnt mhór gnéithe i láthair ar an suíomh gréasáin seo, gnéithe atá bunaithe ar chartlann na leabharlainne agus ar bhailiúcháin staidéir áitiúla.
B&W images: Irish Independent (Courtesy of National Library of Ireland)

An Tubaiste sna Meáin Náisiúnta

Ar ndóigh, tharraing tubaiste chomh mór seo aird an pobail ar fud na tíre, agus sheol na meáin náisiúnta tuairisceoirí chuig Drom Collachair chun cuntais ar an láthair a thabhairt faoi cad a bhí ag tarlú.

Tá imleabhar na n-eagrán de chuid The Irish Independent agus The Irish Times, a foilsíodh le linn na míosa i ndiaidh na tine, ag Seirbhís Leabharlainne Luimnigh. Scanadh an t-imleabhar sin ina iomláine, agus cuirimid i láthair anseo, na míreanna a bhaineann leis an tubaiste a gearradh mar phíosaí amach as nuachtáin.

Tuilleadh faisnéise

Drom Collachair - Sráidbhaile i Luimneach in 1926

Anseo, cuirimid cuid den chomhthéacs i gcúlra stairiúil Dhrom Collachair i láthair – conas mar a bhí an sráidbhaile tráth na tubaiste? Cad é stair ghinearálta an tsráidbhaile ag an tráth sin?

Tuilleadh faisnéise

An Tubaiste sna Meáin Náisiúnta

Bhunaigh an rialtas coiste um chiste faoisimh náisiúnta go díreach i ndiaidh na tubaiste, a thionscain William T. Cosgrave, Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann. Fógraíodh ballraíocht na comhairle Déardaoin an 9 Meán Fómhair.

Ba láithreach, fairsing agus flaithiúil é an freagra a tharraing an achainí. Tháinig tabhartais isteach ó gach cearn d’oileán na hÉireann, thuaidh agus theas, ón RA, ón Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Tháinig siad ó ghnólachtaí, ó chomhlachtaí agus ó dhaoine aonair. I measc na dtabhartas a tugadh bhí idir tabhartas dochreidte de £500 (os cionn £30,000 sa lá atá inniu ann) ó chomhlacht Guinness, agus tabhartais bheaga bhídeacha de chúpla pingin a thug páistí anaithnide go flaithiúil, d’ainneoin go raibh an t-airgead ag teastáil go géar uathu féin. Here we present a database of all contributions recorded in the Relief Fund notices published in The Irish Times & Irish Independent.

Tuilleadh faisnéise

Aiste dheifnídeach ón Oll. Liam Irwin, The Calamitous Burning: The Dromcollogher Disaster of 1926

Scríobh Liam Irwin, an tOllamh Staire ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, atá anois ar scor, ailt faoi thubaiste Dhrom Collachair d’irisleabhar staire áitiúil agus don leabhrán comórtha agus cothrom 80 bliain á cheiliúradh, an dá cheann acu in 2006. Cúpla bliain níos déanaí, áfach, scríobh sé cuntas, agus meastar anois gur cuntas deifnídeach ar an tubaiste, a bhí anseo, agus ar gach rud a thit amach ina dhiaidh, cuntas a foilsíodh mar chuid den tréimhseachán staire iomráiteach, North Munster Antiquarian Journal, in 2013. Is féidir teacht ar an mbunchuntas fada sa rannóg irisleabhar i láithreán staidéir áitiúil na leabharlainne, agus cuirimid leagan, ar a ndearnadh roinnt eagarthóireachta, ar fáil anseo.

Tuilleadh faisnéise

Comhaid Dhrom Collachair sa Chartlann Náisiúnta

Tá an-áthas orainn an t-ábhar seo, a chuir an Chartlann Náisiúnta ar fáil dúinn go cineálta, a chur i láthair anseo.
 
Baineann formhór na míreanna seo le hobair an Chiste Faoisimh, a bhunaigh ceannaire Shaorstát Éireann ag an am, William T. Cosgrave. I measc an ábhair tá miontuairiscí ó roinnt cruinnithe d’Iontaobhaithe Chiste Faoisimh Dhrom Collachair, teachtaireachtaí comhbhróin a fuarthas, agus litreacha a bhí ag gabháil le síntiúis airgid don chiste.
Tuilleadh faisnéise

Comhad Dhrom Collachair Staidéar Áitiúil Luimnigh

Le blianta beaga anuas, choinnigh ár rannóg um staidéar áitiúil comhaid ar chuid mhaith ábhar a bhaineann le Luimneach. Cuirimid i láthair anseo ábhair na gcomhad staidéir áitiúil ar Dhrom Collachair sa mhéid go mbaineann siad leis an tubaiste dóiteáin.

Tuilleadh faisnéise

Cartlann Leabharlainne Cuimhneacháin Dhrom Collachair

In 1953 osclaíodh struchtúr a bhí uathúil ag an am – struchtúr ciorclach agus díon cothrom air agus fuinneoga airde caola ann – mar Leabharlann Chuimhneacháin Dhrom Collachair.

Cuirimid i láthair anseo ábhair ó chomhaid ‘Leabharlann Dhrom Collachair’, comhad a sholáthraíonn sraith roghbhlúirí den phróiseas, ón am gur thairg an coiste an suíomh don Chomhairle Contae in 1950, go dtí oscailt oifigiúil na Leabharlainne i mí Bealtaine 1953.

Tuilleadh faisnéise