Maidir le Staidéar Áitiúil

Bhí an t-ádh le Luimneach riamh go raibh pobal bríomhar de lucht suime na staire ansin, a bhfuil scéalta na cathrach agus an chontae taifeadta acu sna céadta leabhar, na mílte alt irise agus lear mór alt nuachtáin.

Staidéar ar Stair Luimnigh

Tá stair thar a bheith saibhir ag Cathair agus ag Contae Luimnigh. Thug lonnú na cathrach, mar a ngluaiseann an tSionainn isteach san Inbhear, tábhacht straitéiseach di, rud a d’fhág go raibh sí ina pointe comhtheagmhála i gcuid mhaith de na coimhlintí a tharla ar fud stair na hÉireann, ó ionradh na Lochlannach san 8ú haois go dtí Cogadh Cathartha na hÉireann céad bliain ó shin. Ar an gcaoi chéanna, bhí ról lárnach ag an gcontae i gcuid mhaith de na himeachtaí stairiúla i stair na tíre.

Bhí an t-ádh le Luimneach riamh go raibh pobal bríomhar de lucht suime na staire ansin, a bhfuil scéalta na cathrach agus an chontae taifeadta acu sna céadta leabhar, na mílte alt irise agus lear mór alt nuachtáin. Is féidir teacht ar an mbailiúchán ábhar seo, ar áis riachtanach é d’aon duine a dhéanann taighde ar stair Luimnigh, i Staidéar Áitiúil Luimnigh.

Ár nAcmhainní ar an Láthair

Leabhair

Bailiúchán leathan leabhar ar chathair agus ar chontae Luimnigh, a chlúdaíonn gach réimse spéise ar nithe áitiúil lena n-áirítear stair, seandálaíocht, tíreolaíocht, polaitíocht, reiligiún, cultúr, agus tráchtáil, lena n-áirítear suirbhéanna stairiúla cáiliúla ar nós The History of Limerick (1787) le John Ferrar agus Limerick: Its History and Antiquities (1866) le Maurice Lenihan. Tá réimse níos leithne saothar tagartha stairiúla againn freisin a bhaineann le Luimneach mar ábhair staidéir, ar nós Dictionary of Irish Biography, the Irish Fiants of the Tudor Sovereigns, the Civil Survey 1654-1656, the Convert Rolls, the History of the Irish Parliament 1692-1800, the Complete Peerage agus Burke’s Irish Families, agus the Cambridge History of Ireland.

Irisí

Réimse leathan irisí a bhaineann le stair áitiúil, le paróistí agus leis an phobal ó gach cearn den chathair agus den chontae, lena n-áirítear sraith iomlán the North Munster Antiquarian Journal agus the Old Limerick Journal. Tá cóipeanna againn freisin de thuarascálacha stairiúla agus reatha na Comhairle Cathrach agus Contae agus de phleananna forbartha réigiúnacha.

Nuachtáin

Cartlann leathan de nuachtáin áitiúla i bhfoirm chruachóipe, mhicreascannáin agus dhigiteach, lena n-áirítear teidil ar nós the Limerick Chronicle (1784-2018), Limerick Leader (1893-inniu), Limerick Reporter (1839-94), Limerick Echo (1899-1947), agus the Munster News (1851-1930). Cuirimid rochtain saor in aisce ar fáil freisin ar Chartlann Nuachtán na hÉireann agus ar Chartlann Nuachtán na Breataine ar an láthair, ina bhfuil taisce shuntasach de nuachtáin Éireannacha sa dara ceann acu seo, lena n-áirítear sraitheanna de theidil éagsúla de chuid Luimnigh.

Léarscáileanna

Tá bailiúchán leathan léarscáileanna stairiúla againn a bhaineann le cathair agus contae Luimnigh, agus suirbhé Down, an tSuirbhéireacht Ordanáis, agus Luacháil Uí Ghríofa ar na cinn is suntasaí díobh seo.

Foinsí Cartlainne

  • Cláir na dToghthóirí do chathair Luimnigh, ó 1884 go dtí 2014.
  • Rogha d’eolairí trádála Luimnigh, idir 1769 agus 1930.
  • Cóipeanna micreascannáin de Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna do chontae Luimnigh agus cóip chrua de Leabhair Luachála Uí Ghríofa do chathair agus do chontae Luimnigh agus léarscáileanna leo.
  • Tá réimse leathan acmhainní stairiúla ar rialtas áitiúil againn ar nós bailiúcháin an Bhoird Chaomhnóirí agus na Comhairle Ceantair Tuaithe do chontae Luimnigh, leabhair mhiontuairiscí Chomhairle Contae Luimnigh (1899-1961), agus Leabhair Thuairiscí an Ard-Ghiúiré (1807-1900). Tá bailiúchán beag de pháipéir phríobháideacha againn freisin, lena n-áirítear páipéir eastáit Monteagle, Coote, agus Massey.
  • Rochtain saor in aisce againn ar an láthair ar FindMyPast.ie a sholáthraíonn raon leathan taifead stairiúil amhail taifid Arm na Breataine agus Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, cláir phríosúin na hÉireann, taifid chúirt ghearr na hÉireann, agus taifid inimirce. Áirítear sa bhailiúchán ‘Éirí Amach na Cásca agus Éire faoin Dlí Airm 1916-1921’ breis agus 300,000 doiciméad ó thréimhse réabhlóideach.
  • Cnuasach Béaloidis na Scoileanna chontae Luimnigh agus ábhar maidir le Luimneach ón tsraith Life and Lore de thaifeadtaí staire béil.

Cabhraímid le taighdeoirí trí rochtain a sholáthar ar léitheoirí micreascannáin, ar threalamh eile, agus ar ár mbunachar sonraí digiteacha. Is féidir gach ábhar maidir le Rannóg Staidéar Áitiúil a fheiceáil, a phriontáil, a scanadh agus a íoslódáil ar an láthair. Tá úsáid na n-áiseanna seo ar fáil do chách agus níl aon chostas i gceist ach amháin le fótachóipeáil agus priontáil ar a ghearrtar ag 20c in aghaidh an leathanaigh A4 agus 40c in aghaidh an A3. Cuirimid áiseanna ríomhaireachta ar fáil freisin dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as acmhainní ar líne na leabharlainne – ár suíomh gréasáin Staidéar Áitiúil féin agus na seirbhísí nuachtáin agus ginealais a bhfuil síntiúis againn dóibh.

Tabhair faoi deara, nach gcoinnítear ár mbailiúchán iomlán Staidéar Áitiúil ag an rannóg i Leabharlann Watch House Cross. Má tá mír nó acmhainn ar leith á lorg agat molaimid duit teagmháil a dhéanamh le rannóg an staidéar áitiúil sula dtugann tú cuairt uirthi.

Ár mBailiúcháin Ar Líne

Tá ceann de na bailiúcháin is leithne d’acmhainní ar líne in Éirinn ag Leabharlanna Luimnigh. Ina measc tá leabhair agus irisí digitithe agus eolairí ceirdeanna agus tuairiscí báis ó nuachtáin áitiúla, mar aon le nithe eile nach iad. Tá freagra ar chuid mhór de na ceisteanna taighde a bhaineann le Rannóg Staidéar Áitiúil ar fáil ach úsáid a bhaint as na bailiúcháin dhigiteacha.

Ceisteanna Coitianta

Cá bhfuil Rannóg Staidéar Áitiúil Leabharlann Luimnigh agus conas is féidir liom dul ann?

Tá an rannóg staidéar áitiúil i Leabharlann Phobal Watch House Cross, thart ar 3 chiliméadar ó lár chathair Luimnigh. Is féidir leat dul chun na leabharlainne ar bhus uimhir 303 ó Shráid an Róistigh agus ó Shráid Anraí. Is é V94 NH51 an t-éirchód don áitreabh.

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an rannóg staidéar áitiúil?

Ríomhphost– localstudies@limerick.ie

Fón +353 61 557727

An gcaithfidh mé am a chur in áirithe chun cuairt a thabhairt ar rannóg an staidéir áitiúil?

Is féidir le duine ar bith cuairt a thabhairt ar an rannóg gan coinne a dhéanamh roimh ré. Mar sin féin, má tá sé ar intinn agat áiseanna amhail léitheoir micreafhoirme, scanóir, fótachóipeálaí, nó ríomhaire a úsáid, moltar áirithint a dhéanamh roimh ré chun infhaighteacht an trealaimh a chinntiú. Ina theannta sin, níl teacht ar an mbailiúchán staidéar áitiúil iomlán ag an rannóg i Leabharlann Watch House Cross. Má tá mír nó acmhainn ar leith á lorg agat molaimid duit teagmháil a dhéanamh le rannóg an staidéar áitiúil sula dtugann tú cuairt uirthi.

Táimid ar oscailt ó Mháirt go Satharn.

An mbaineann aon táillí leis na háiseanna staidéar áitiúil a úsáid?

Tá úsáid an trealaimh go léir agus rochtain ar an mbailiúchán saor in aisce. Gearrtar táillí ar phriontáil agus ar fhótachóipeáil.

An bhfuil srianta ann maidir le hábhar a chóipeáil/a scanadh ón mbailiúchán?

Ceadaímid ábhair a chóipeáil agus a scanadh faoi fhorálacha an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ábhair áirithe nó codanna díobh ar fáil lena gcóipeáil ach go bhfuil srianta ann freisin maidir leis an méid is féidir a chóipeáil. Tá míreanna áirithe againn freisin a chuireann srian ar fhótachóipeáil/scanadh mar gheall ar aois agus riocht leochaileachta.

Má chuireann Leabharlanna Luimnigh bailiúchán chomh leathan sin ar líne ar fáil, an bhfuil aon chúis gur ann cheart dom cuairt a thabhairt ar an Rannóg Staidéar Áitiúil?

D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh go dtiocfá ar fhreagra do cheiste ón mbailiúchán ar líne amháin. Mar sin féin, ní foláir a thabhairt le fios, i gcás na n-ábhar go léir atá ar fáil ar an láithreán gréasáin, gur céatadán an-bheag é seo fós den bhailiúchán staidéar áitiúil ar fad.

Book Clubs

Chun do Bhealach a dhéanamh Ansin

Tá an bailiúchán Staidéar Áitiúil Leabharlanna Luimnigh suite i Leabharlann Phobal Watch House Cross, thart ar 3 chiliméadar ó lár chathair Luimnigh.

At your Library

Book Clubs

Book clubs are a great way to meet others and discuss books. Limerick Libraries operate book clubs in our branches and also provide sets of books for book clubs. If you are interested in joining or starting a book club enquire at your local library branch.

Find Out More