I gcatagóir na n-irisí a bhaineann le Luimneach tá teidil staire aitheanta ar nós North Munster Antiquarian Journal agus Old Limerick Journal, chomh maith le hirisí ar ábhair ar leith, amhail gnó, siamsaíocht agus litríocht. Tá níos mó ná daichead teideal i gcatagóir na n-irisí paróiste/pobail, a chlúdaíonn gach cuid den chontae. Cuimsítear i mbailiúchán na n-irisí náisiúnta réimsí ó na hirisí an-acadúil, mar shampla Peritia (Journal of the Medieval Academy of Ireland), i dteannta cinn a bhfuil spéis níos ginearálta iontu, amhail Ireland of the Welcomes, agus roinnt teideal an-úsáideach a bhaineann le ginealas. Tá irisí againn freisin ó chumainn staire contaetha eile, go háirithe contaetha máguaird (an Clár, Corcaigh, Ciarraí agus Tiobraid Árann).
NÓTA TÁBHACHTACH: Mar gheall ar theorainneacha spáis, ní choinnítear go leor de na hirisí atá liostaithe thíos sa Rannóg Staidéar Áitiúil. Más mian leat breathnú ar aon cheann de na hirisí seo, déan teagmháil linn ag localstudies@limerick.ie chun a chinntiú go gcuirtear ar fáil duit iad.
Tabhair faoi deara go mb’fhéidir nach bhfuil sraith iomlán de gach iris liostaithe againn.
Ar mhaithe le gontacht, is roghbhlúirí atá sa stór faisnéise leabharlainne a chuirtear ar fáil anseo – moltar dul chuig catalóg na leabharlainne chun stór iomlána na leabharlainne a fhiosrúhttps://limerick.spydus.ie/cgi-bin/spydus.exe/MSGTRN/WPAC/HOME
Tabhair do d’aire – Tá cuid de na hirisí seo curtha againn lenár mbailiúchán digiteach. Cliceáil an nasc nuair a thaispeántar é.
Chomh fada agus is eol dúinn, tá na sonraí i dtuairiscí irise ceart. Bheimis buíoch as ceartúcháin má aimsítear aon earráidí. Bheimis an-bhuíoch freisin d’aon chúnamh is féidir a chur ar fáil chun bearnaí sna bailiúcháin a líonadh.