Cartlann Leabharlainne Cuimhneacháin Dhrom Collachair

In 1953 osclaíodh struchtúr a bhí uathúil ag an am - struchtúr ciorclach agus díon cothrom air agus fuinneoga airde caola ann - mar Leabharlann Chuimhneacháin Dhrom Collachair.

Thubaiste Phictiúrlann Dhrom Collachair > Cartlann Leabharlainne Cuimhneacháin Dhrom Collachair
D’fhan suíomh An Dó (mar a thugtar de ghnáth ar an tubaiste go háitiúil) cumhdaithe le cláir adhmaid agus an suíomh tréigthe ar feadh níos mó ná fiche bliain. Bunaíodh coiste áitiúil ansin agus, tar éis dó cistí a chruinniú, cheannaigh sé an suíomh. In Iúil 1950, thairg an coiste an suíomh do Chomhairle Contae Luimnigh chun leabharlann nua a thógáil, a bheadh mar chuimhneachán ar na daoine a d’éag. Ghlac an Chomhairle leis an tairiscint go buíoch agus cuireadh tús leis an bpróiseas chun tógáil na Leabharlainne Cuimhneacháin a shocrú.
Dhréachtaigh an t-ailtire as Luimneach, Patrick J. Sheehan an dearadh nuálach, struchtúr ciorclach ar a bhfuil díon cothrom agus fuinneoga airde caola ann, atá iomchuí don suíomh atá réasúnta beag. I ndiaidh cúpla modhnú, tógadh é, agus costas thart ar £2,000 bainteach leis, agus osclaíodh é i mí Bealtaine 1953. Cuireadh cros ar an mballa teorann cúil, gar don áit ar aimsíodh an chuid is mó de choirp na n-íospartach*.
Cuirimid i láthair anseo ábhair ó chomhaid ‘Leabharlann Dhrom Collachair’, comhad a sholáthraíonn sraith roghbhlúirí den phróiseas, ón am gur thairg an coiste an suíomh don Chomhairle Contae in 1950, go dtí oscailt oifigiúil na Leabharlainne i mí Bealtaine 1953.
(*roinnt sonraí ó shuíomh gréasáin Chonair Oidhreachta Dhrom Collachair)