
Ba láithreach, fairsing agus flaithiúil é an freagra a tharraing an achainí. Tháinig tabhartais isteach ó gach cearn d’oileán na hÉireann, thuaidh agus theas, ón RA, ón Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Tháinig siad ó ghnólachtaí, ó chomhlachtaí agus ó dhaoine aonair.
I measc na dtabhartas a tugadh bhí idir tabhartas dochreidte de £500 (os cionn £30,000 sa lá atá inniu ann) ó chomhlacht Guinness, agus tabhartais bheaga bhídeacha de chúpla pingin a thug páistí anaithnide go flaithiúil, d’ainneoin go raibh an t-airgead ag teastáil go géar uathu féin.
Cuirimid bunachar sonraí de na tabhartais uile a taifeadadh sna fógraí Ciste Faoisimh, a foilsíodh sna nuachtáin, The Irish Times agus Irish Independent, i láthair anseo. Tugadh na sonraí i dtosach ó na fógraí de chuid The Irish Times agus ansin cuireadh aon fhógra éagsúla nó breise a bhí i bhfógraí de chuid The Irish Independent san áireamh ar an tábla. Féach chomh maith na míreanna ábhartha a gearradh amach as na nuachtáin.